Fás agus Bás Filíocht Domhnall Mac Síthigh Ealaín Áine Uí Dhúbhshláine Peannaireacht Bob Ó Cathail Scríobh Domhnall Mac Síthigh (nach maireann) an dán Fás agus Bás i 2008 mar cheiliúradh ar 70 crann a bhí curtha aige. Deineadh cártaí leis an ndán i 2020 chun tacú le tionscnamh chrannaíocha Phobal Camphill, An Daingean. Chuir Pobal Camphill 10,000 crann i 2006 laistoir don nDaingean. Tá plean acu casán do chathaoireacha rotha thríd an choill a fhorbairt. Beidh an brabús os na cártaí á chur ina threo seo. Is féidir na cártaí a cheannach ins na háiteanna seo a leanas: Siopa Leabhar an Daingin Siopa Búistaera Jerry Kennedy, An Daingean Siopa an Bhuailtín, Baile an Fheirtéaraigh Oifigí Poist sa Daingean agus i gCeann Trá An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 agus ó www.tigaine.com. Beidh siad ar fáil in áiteanna eile de réir a chéile. Tá leagan Béarla an dáin ar fhurmhór na gcártaí agus a thuilleadh leis an leagan Gaelainne amháin. Teagmháil 086 3019369/ 087 7748767 tigaine@eircom.net
Poetry Dómhnal Mac a tSithigh - Art Áine - Calligraphy Bob O Cathail
Fás agus Bás
Cards