Fáilte chuig Tig Áine – Café – Bialann – Dánlann, An Ghráig, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, lonnaithe amuigh fén dtuath ar Shlí Fhiáin an Atlantaigh agus ar Mhórchuaird Cheann Sléibhe. Gheobhair ceann desna radharcanna is deise ó thigh ar bith sa chontae ón mbialann féin tráthnóna gréine.
Beir leat bia , ag ithe lasmuigh, Ar oscailt Dé Luain- Dé hAoine 12-6.
Tairgí Áitiúla
Bainimidne úsáid as bia úr den scoth ón gceantar máguaird sa bhialann. Deinimid ár gcuid aráin, scónaí agus cístí féin a bhácáil sa chistin gach aon lá. Feoil agus iasc úr ó Chorca Dhuibhne a bhíonn ar an mbiachlár againn agus ón ár gcuid cearca féin a thagann na huibheacha. Ábhar spéise agus iontais dár gcustaiméirí óga an gabhar, na lachain agus na géanna atá ar leac an dorais againn.
Tae agus Caifé
Bíodh blaiseadh agat de rogha caifé, tae luibheanna & Tae Mhuintir de Barra ó Chorcaigh in uisce ón dtobar
Uachtar Reoite
Bíodhblaideah agat d’Uachtar Reoite Paganini Mhuintir Tom Murphy, Coolhull Farm, Loch Garman.
Míolta Móra agus Deilfeanna
Cuirfear fáilte romhat úsáid a bhaint as déshúiligh nó teileascóp an tí chun go gcífidh tú míola móra, deilfeanna, agus éanlaith mara eile ar nós an iolair mhara amuigh san Atlantach.